Scéim Aitheantais Náisiúnta
don Gaeilge sa Ghnó

An Nuacht is Déanaí

Cad é GRADAIM...

...don Ghnó?

Comhartha aitheantais náisiúnta atá i GRADAIM as an mhéid atá déanta ag gnó chun cinntiú go bhfuil spás ann don Ghaeilge. Má tá cinneadh tógtha agat an Ghaeilge a úsáid i do ghnó féin, nó más rud é go bhfuil tú ag tabhairt measa don Ghaeilge ann le fada an lá, léirigh sin don phobal trí plaic GRADAIM a shaothrú agus a chur in airde.

...do Phobal na Gaeilge?

Léiríonn duais náisiúnta GRADAIM don phobal cén leibhéal seirbhíse i nGaeilge nó feiceálacht na Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó ghnóthaí. Is féidir le pobal na Gaeilge a bheith cinnte go bhfuil an t-eolas seo cruinn agus iontaofa mar gheall ar an phróiseas cuimsitheach mheasúnaithe atá curtha i bhfeidhm ag GRADAIM.

Comhartha atá i nduais GRADAIM a léiríonn don phobal go bhfuil meas ag an ghnó don Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge.
Cuireann sé in iúl chomh maith do phobal na Gaeilge go bhféadfaidh bheith ag súil le leibheál airithe seirbhíse inár dteanga féin.

Buaiteoirí Boinn GRADAIM

Tá teacht ar na gnólachtaí sin ar fad a bhfuil bonn reatha GRADAIM acu ar an léarscáil seo.

Tá seo agus tuilleadh eolais ar fáil ag an leathanch ‘Gnólachtaí’.

GA