85 GRADAIM Bronnta

Bronnadh comharthaí GRADAIM Gnó na hÉireann ar 85 gnólacht ag mórócáid i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an 15ú Samhain 2022. Is í Síle Seoige, an réalt teilifíse an aoi speisialta a rinne an bronnadh agus is í Sinéad Ní Uallacháin (RTÉ) a bhí mar bhean an tí.

Is í seo an chéad bhliain den scéim náisiúnta aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann, a d’fhorbair Glór na nGael, ina ndéantar ceiliúradh ar shaothar na ngnólachtaí don Ghaeilge.

Bronnadh boinn óir, airgid agus cré-umha ar na gnólachtaí i dtrí réimse (Comharthaíocht, Margaíocht agus Brandáil, Seirbhís i nGaeilge) mar thoradh ar phróiseas mheasúnaithe na scéime, a tharla le linn mhí Mheán Fhómhair.

Mhínigh Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime i nGlór na nGael, go dtabharfaidh comharthaí GRADAIM le fios don phobail cén saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha. 

“Don chéad uair riamh tá próiseas chuimsitheach mheasúnaithe, atá neamhspleách agus náisiúnta ann le eolas chruinn, deimhnithe agus cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal maidir leis an saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha.” a dúirt Mac Cionnaith. “Déanaim comhghairdeas leis na gnólachtaí go léir agus molaim go hard iad as a ndiogras agus a dtiomántas agus dar ndóigh gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na coistí pobail timpeal na tíre atá ag tacú le cur chun cinn na scéime.”

Tá rannóg speisialta ‘Fiontraí Óg na Bliana’ sa scéim chomh maith a bhronntar ar bheirt duine óg a leíríonn bua don fhiontraíocht agus díogras don Ghaeilge. San aoisghrúpa 12-18, is í Róisín Dalby chéadbhuailteoir Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM agus san aoisghrúpa 18 – 21, is í Aoibhín Ní Deá chéadbhuailteoir Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM.

Bhain 17 gnólacht bonn óir amach sa trí réimse (Comharthaíocht, Margaíocht agus Brandáil, Seirbhís i nGaeilge) agus 49 gnólacht ar a bronnadh bonn amháin óir, ar a laghad, orthu. 

Tá bonn óir sna trí réimse bainte amach ag: Aerfort Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall; Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall; Drioglann Chroithlí, Co. Dhún na nGall; Amharclann Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall; An Croí, Co. Dhoire; An Siopa Gaeilge, Co. Dhún na nGall; Aon Scéal Café, Co. Átha Cliath; Brian de Staic Teoranta, Co. Chiarraí; Cló Iar-Chonnacht, Co. na Gaillimhe; Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Co. an Dúin; Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Co. Aontroma; GTeic@Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall; LIGID Léiriúcháin, Co. Dhún na nGall; Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall; Lóistín Teach Hiúdaí Beag, Co. Dhún na nGall; Margadh na Mairt Teo, Co. Dhún na nGall; Oideas Gael, Co. Dhún na nGall; POTA Café, Co. na Gaillimhe; Siopa an Carn, Co. Dhoire; Teach Solais Fhánada, Co. Dhún na nGall.

Roinn:

Tuilleadh Postálacha

Fiontraí Óg na Bliana 2022

Bronnadh Gradaim ‘Fiontraí Óg na Bliana 2022’ agus ipad an duine ar bheirt ógánach ag mórócáid Gradaim Gnó na hÉireann

Ócáid Bhronnta GRADAIM 2022

Beidh an chéad ócáid bhronnta bhliantúil de chuid GRADAIM Gnó na hÉireann, ina ndéanfar ceiliúradh ar shaothar na ngnólachtaí, le

GA