Cinnteoidh GRADAIM go bhfaighidh tú an chomhairle agus an treoir atá uait maidir le cur chun cinn na teanga i do ghnólacht chun go mbeidh an próiseas chomh héasca agus is féidir. Cinnteoimid freisin go bhfaighidh tú aitheantas náisiúnta as do chuid iarrachtaí trínár scéim dámhachtainí. Feidhmíonn ár gcóras dámhachtainí freisin chun an pobal a chur ar an eolas cá háit a bhfaighidh siad gnólachtaí a chuireann fáilte roimh an nGaeilge agus cén leibhéal nó cineál seirbhíse teanga a d’fhéadfaí a chur ar fáil. Tá sé saor ió chostas bheith rannpháirtíocht i GRADAIM, ach ní féidir luacht a chur ar na buntáistí a thiocfadh as.
Ní thógfaidh sé i bhfad ort clárú le haghaidh GRADAIM, tá sé saor in aisce, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc thuas. Ansin, aitheann na deiseanna atá ann duit chun úsáid na Gaeilge sa ghnólacht agat a fheabhsú. Bronnaimid ár mbonn i dtrí chatagóir ar leith, b’fhéidir gur mhaith leat catagóir amháin a roghnú agus díriú air sin, nó b’fhéidir go mbeifeá muiníneach go bhféadfadh do ghnólacht boinn a bhaint amach sna trí chatagóir.
Agus catagóirí roghnaithe agat, féadfaidh tú tosú ar an bpleanáil. Breathnaigh ar na scórchártaí do gach ceann de na catagóirí agus sainaithin agus liostaigh na gníomhartha a cheapann tú a d’fhéadfá a chur i bhfeidhm go rathúil laistigh de do ghnó. Bain úsáid as an liosta seo mar thúsphointe chun do phlean gníomhaíochta a chur le chéile.
tá sé saor in aisce, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc thíos:
Baineann úsáid na comharthaíochta dátheangacha nó na comharthaíochta Gaeilge le hinfheictheacht na teanga agus léiríonn sé dearcadh an ghnólachta i leith na teanga. Deir daoine go minic gur mhaith leo tuilleadh Ghaeilge a fheiceáil. Is féidir leo siúd fiú nach bhfuil ardchumas léitheoireachta Ghaeilge acu taitneamh a bhaint as láithreacht na Gaeilge ar chomharthaíocht.
Tá comhghaol díreach ag feiceálacht na Gaeilge i suíomh gnó le dearcthaí an ghnó sin i leith na teanga, gaol a aithneoidh an custaiméir, bíodh siad líofa, ina bhfoghlaimeoir nó eile. Is mór ag custaiméirí ar fud na hÉireann breis Gaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil, ach i gceantair ar nós na Gaeltachta agus ceantair a bhfuil pleananna Gaeilge á gcur i bhfeidhm acu, is bealach amháin é rannpháirtíocht ghníomhach i GRADAIM le cur le hiarracht an phobail i dtaobh athbheochán na teanga.
Is cóir machnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:
Is féidir le do ghnólacht leas a bhaint as luach ard na Gaeilge mar ghné shaibhir d’ár gcultúr trí Ghaeilge a úsáid sa mhargaíocht agus i do bhranda. Léiríonn ár dtaighde gur dócha go gceannódh breis agus 70% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu táirgí Gaeilge amach anseo. Neartaíonn úsáid na Gaeilge sa bhrandáil údaracht agus uathúlacht do tháirge i margadh atá ag éirí níos aonchineálaí i gcónaí. Feabhsaítear branda an ghnó mar gheall ar úsáid na Gaeilge, cuireann sí luach le táirgí agus seasann an tairge amach ar an mhargadh domhanda mar chuid de ‘bhranda Éire’.
Is cóir machnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:
Tá réimse leathán áiseanna ar fáil againn le tacú le thuras chun Gaeilge a chur le do ghnó
Má chuirtear seirbhísí ar fáil don chustaiméir trí Ghaeilge, go pearsanta nó ar líne, is féidir leis an gcustaiméir idirghníomhú le do ghnólacht ina theanga féin, teanga atá gar don chroí. I gceantair ar nós na Gaeltachta, beidh go leor custaiméirí ag súil go mbeidh siad in ann a ngnó a dhéanamh leat trí Ghaeilge agus b’fhéidir go mbeidh díomá orthu mura bhfuil an tseirbhís ar fáil. Is í soláthar seirbhíse trí Ghaeilge an meas is airde ar an teanga agus ar phobal na Gaeilge ar féidir le gnólacht a thairiscint. Tá seans ann gur dhúshlán mór é dóibh soláthar seirbhísí i nGaeilge i gcás roinnt daoine, ach tosaigh amach le spriocanna inbhainistithe agus insroichte ag baint úsáide as ‘cúpla focal’ agus is féidir tógáil ar sin de réir a chéile.
Is cóir machnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:
Beidh do ghrúpa Gaeilge áitiúil nó foireann Ghlór na nGael sásta comhairle a chur ort maidir le haon cheann de na hábhair seo.
Lorem ipsum dolor sit amet, conse ctetur adipiscing elit. Ut elit tellus off, luctus nec ullamc orper mattis, pvinar dapibus leo.